Traditional
An Seanduine Dóite
Chuir mise mo sheanduine isteach ins an choirneál,
A ól bainne ramhair is a dh’ithe aráin eorna,
Dá gcuirfeadh sé a cheann amach bhainfinn an tsrón de,
Agus d’fhágfainn an chuid eile ag na cailíní óga.
Curfá:
Órú, a sheanduine, a sheanduine dhóite,
Órú, a sheanduine, is mairg a phós tú,
Órú, a sheanduine, a sheanduine dhóite,
Luigh ar do leabaidh agus codlaigh do dhóthain.
Chuir mise mo sheanduine go sráid Bhaile an Róba,
Cleite ina hata agus búclaí ina bhróga,
Bhí triúr á mhealladh is bhí ceathrar á phógadh,
Is chuala mé i nGaillimh gur imigh sé leofa.
Curfá
Dá mbeadh a fhios ag mo sheanduine, ó, mar a bímse,
Ag ól is ag imirt le hógfhir na tíre,
Le héirí na gealaí go mbrisfeadh sé a phíopa,
Agus bhuailfeadh sé faic dena bhuig ins an ghríosaigh.
Curfá
Dá bhfaigheadh mo sheanduine an ní a ba chóir dó,
Greamanna ime agus greamanna feola,
Íochtar na cuinneoige is preataí rósta,
Bhainfeadh sé gliogar as na cailíní óga.
Curfá
Dá bhfeicfeá mo sheanduine ar uair an mheán oíche,
A chois ar an bhac aige is é ag deargadh a phíopa,
Gur cosúil le slat mara a dhá lorga chaola,
Is mura ndéanfadh sé ansin é, ní dhéanfadh sé choíche é.
Curfá
Dá bhfaighinnse mo sheanduine báite i bpoll móineadh,
Cois a bheith briste is a lorga leonta,
Bhéarfainn ’na bhaile é agus shínfinn faoi chlár é,
Agus shiúlfainn amach leis na buachaillí óga.
Curfá